Teampall Fhiachna I mBunán an sean-teampall seo agus deirtear go dtagadh Naomh Fiachna ó gCairbre go dtí an teampall san c[h]un afrinn do léigheadh. Deirtear gur rugadh i gCaolc[ho]il[l] i gCorcaigh é. Tá an áit sin cúig m[h]íle d[h]éag ó Bheanntraighe. Tá sé i mbéalaibh na ndaoine go raibh clann mhór ag a m[h]áthair agus annsan rugadh triúr eile agus cheap a n-athair ro raibh muir[ín] ró throm aige, agus maidean amáireach do bheartaigh sé chun iad a chur as an tslighe. Chuaidh sé amach agus triúr mac sa mhála aige chun iad a bháthadh. Bhí sé ag déanamh ar an abhainn nuair a bhuail an sagart uime. Tháinig amhras ar an sagart agus d'fhiafruigh sé dhe cá raibh sé ag dul chomh grod sa mhaidin. Agus dubhairt an fear go raibh sé ag dul go dtí an abhainn agus coileáin a bhí á mbáthadh aige. Annsan do thóg an sagart an mála, d'oscail sé é agus cad a bhí ann ach na páistí. Thug sé leis abhaile iad. Fuair sé banaltra c[h]un do oileamhaint agus b'iad Fiachna, Leicna agusRob Figge