An Rábaire Saorlinn Theannas liom cun imtheacht ó’m mhuinntir, Is tarrac liom síos cois Féile Mar d’airigheas dhá go minic idir daoine Go bhfaghfinn-se obair mo chéirde ann Ag taisteal na slighe dhom do chasadh chun tighe mé, Is d’iarras cead suidhe go séimh ann Ach d’fhreagair gan mhoill an tsean bhean críonna Agus dubhairt na raibh aon slighe aici d’aoinnne 11. Do labhair an bhrighdeach leis an mhnaoí chríona Agus d’fhiafruig an raibh ‘na croidhe aon daonnacht Agus Rabaire Saoirlinn do chur amach san oidhche Ag taisteal na slighe agus é ‘na aonar, Mara bhfuil tuighe agat ná leabaidh 'na luighfidh-se Tabhair cead suidhe istigh féin dó Mo hata gur sgaoileas de mhullach mo chinn Agus ghabhas léi míle buidheachas” 111. Nuair a bhí am cun luighe againn cuireadh síos mé Go rúmín greanta ba réaltac Mar a raibh leabaidh chlúimh ann fé bratacha líneAn Ghlas Ghaibhneach