Brighide agus na Buachaillí Bána Fadó riamh bhí beirt bhan ag taisdeal na tíre ag lorg déirce. Bhí an tír seo ag brúchtghail le beitheamhnaigh, nó an ainm is gnáthaighe a bhí ortha ná na Buachaillí Bána. Ní leo san a bhaineann an sceal acht leis an mbeirt mban. Bean óg achfuingeach a bheadh Bríghid acht ní mar sin a bhí an bhean eile – Máire bhocht chríonna. Ní mór a bhóthair a chuirfeadh sí dhí nuair a dtraochtfaí í. Thánadar go tigh ar thaobh an bhóthair agus bhí mar intinn dóibh araon dul isteach ann ach ba mhór le Brighide an bheirt acu bheith mar chúram ar mhuinntir an tighe agus dubhairt leis an t-sean-mhnaoi eile dul isteach gan mhoill agus mbeadh uirthi féin fuireach ann ar feadh na h-oidhche. Nuair a chuaidh sí isteach fe bhuaich an tighe do bheannuigh sí dóibh go léir go bhéasach le “Dia is Muire “agus do bheannuigh fear an tighe dí le “Dia is Muire is Phádruig,” agus dubhairt sé léi suidhe síos cun na teine agus go raibh fáilte roimpi. Bhí an dinnéar ullamh agus do fuair sí cuireadh cun an bhúird. Ag ithe dhí níorbh faillighe léithe cuimhneamh ar a páistidhe Brighide agus leis sin do thóg sí cuid de’n biadh de’n mbórd agus chuir sí isteachAn Ghlas Ghaibhneach