sa pharóiste ar an naomhadh lá feiched de Lúghnasa in onóir do Naomh Eóin baiste. Ta seana sgéal eile a deir gur chómhnuig breac sa tobar. Bhí sé de nós sa pharóisde gan uisge an tobair sin d'úsáid i gcóir obair tighe. Lá amháin bhí ana dheobhadh ar bhean darbh ainm Maire Ághas. Níor dhein sí acht dul amach agus galún uisge a thabhairt léi as an tobar naomhtha. Chuir sí sa chiotal é acht da mbeadh sé ann go lá an Lúain ní bheirbheochadh sé. Sa deire núair a bhí sí cráidhte, cíapaithe aige do bhain sí an clúid de'n ciotal agus cad a bheadh istig ann acht breac mhór. Chuir sí ar ais sa tobar arís é agus geallaimse dhuit nár chuir sí isteach ná amach air an dtobar ó shoin. Fé láthair núair a tógann sé i bhfad ó chiotal uisge beirbhuí is minic a chloistear, "Bféidir gurb" amhlaidh atá "breac an tobair" istig ann.An Dothra BheagAn Dothra BheagCath Pháirc na Fola - Mináird Thoir In aimsear na bpéin dlighthe bhí sean-bhothán i bparóisde na Mináirde agus dob' ann a léightí an t-aifreann gach Domhnach. Bhí ag rith leó ar feadh a bhfad agus ní raibh a fhios ag na Saighdiúirí gallda cá mbíodh sé dhá léigheamh acht, sa deire fúaireadar an bothán amach. Dómhnach áirighthe bhí buidheann díobh lasmuigh de'nAn Dothra BheagMary Liston