Timcheall trí mhí ó shoin an faid is a bhí an t-aifreann ag siubhal i gClochán bhí scata buachaillí amuigh ag cainnt agus ag cómhrádh. Baineadh geit asta nuair do cualadh síad bean ag cainnt go feargach in ait éigin timcheall ortha agus ní rabhadar ábalta í d'feiscint no aon focal do tuiscint uaithe. Do cuadar go léir ar a ngluainibh acht níor stad an chainnt go dtí go raibh an t-aifreann thart. Do chualadar go léír an ghuth acht buachaill amháín acht bhí an buachaill san ar a ghluainibh amuigh agus ní raibh na buacaillí eile. Tomás Ó Mhuircheartaigh, Ceapach, ClochánAn Dothra Bheag