Is maith sugh bó, beo nó marbh. Is maith an sgéalaidhe an aimsir. Is fearr obair ná cainnt. Ní féasta go rósta agus ní céasta go pósadh. Sé dó phóca do chara. Sé an duine an t-eadach. Sé do mhac do mach indu acht sí d'inghean d'inghean go deo. Tá sé uaigneach bheith folamh. Níl sé beag deas ná mór gránda. Ná déan nós agus ná bris nós. Ná mol agus ná sáin thú féin. An té nach bhfuil láidir ní mór dó bheith glic. Na tréigh do chara ar do chuid. Luigh leis an uan agus éirigh leis an éan. Marbh le tae agus marbh gan é. Ní fiú sgéal gan ughdar. Ná bí cruaidh is ná bí bog. Aithnigheann ciaróg ciaróg eile. Geibheann pighinn pighinn eile.An Dothra BheagL15AL15A