Cromán Iochtar. Cill-Orglan, (Iascaire)Mícheál ÓSéBhí baintreach ann fadó agus bhí sgata leanbh óg aice. Aon oidhche ámhain ní raibh aon rud le n-ithe aice i gcóir na leanbh agus bhíodar go leir ag gol leis an ocras. Fuair sí pota mór agus chuaidh si amach agus cuir s i clocha isteach ann agus dúbhairt sí do's na leanbhaidh gur prátaí a bhí ann i dtreó ná mbeadh siad ag gol. Ar fhaid a bhí siad ag beirbhiú do bhí na leanbhaí go léir na codhladh in-aice na teine agus annsan cuir sí ins an leabaidh iad. Annsan thóg sí an pota as an dteine agus caith sí na cloca isteach i gcríothar agus nuair a caith sí amach iad bhí potade prátaí móra bréagha áluinn. Do ghlaoidh sí ar na leanbhaí ó árdMícheál ÓSé