1. Faigh purgóid éigin agus ól é. Is fearr sally ná aon nídh eile 2. Cimil do cléibh le sughlach na gúise agus tú id leabhaidh. 3. Faig carrigín agus cuir an boghadhí. Annsan beirbhig i leamhnacht í, ar feadh leath-uair a cluig. Sgag í annsan agus cuir isteach maide milis, agus súicre, nó sughlach lemúin, agus ól deoch de cúpla uaire gach lá agus tú id' leabhaidh. 4. Faig gall-ola agus téidh é agus cimil go maith leis an áit in-a bhfuil an pian. 5. Ceannuigh oile ola agus chimil leis an áit in-a bhfuil an pian. 6. Faig lemúin agus faisg é. Faig uisce beirbighthe agus sgaoil isteach ins an mbaisín in a bhfuil an sughlach lemúin. Cuir súicre isteach ann agus ól nuair a bhíonn tú ag dul a codhlad. 7. Faig píosa mór plainnín agus théigh é. Téir isteach sa leabhaidh agus chuir an plannín suas le'd cleibh. Téighir a chodhlad go tappaidh.Matt Smyth