go mbíodh a ndóthain aoil aca. Cait ní h-Eachthegeirn, Tullac, Cill-Orglan. Ciarraidhe.Mícheál ÓSéAr dtúis bearrtaí na caoirigh agus dheincaí an olann do níghe agus do thriomí Ghearrtaí an rúim des na crannaibh agus chuirtaí ag beirbhiú é. Annsan chuirtaí síos an olann agus deintaí é do bheirbhiú n-a theannta. Tóghtaí aníos annsan e agus níghtí in uisce fuar é agus dheintaí é thrimiú amuigh sa phairc. Gheibhtear dath eile ar na clocha agus glaodtar duileasc na gcloch air. Úsáidtear ins an t-slighe céadna e. Deir na sean-daoine da gcuirfa an dath sin ar éadach ná tiocfadh na sidheóga in-aice leat.Matt Smyth