Chomhnuig bean agus a clann fé bhun sléibhe uair. Áit ana uaigneach a b'eadh é agus bhí sé ibhfad ó aon bhaile. Is annamh a tháinig aon stranséar ann agus ní raibh sé de ghnáth ag na daoine a mhair ann dul in aon áit ach chomh beag. Chaitheadar an urmhór dá shaoghal sa bhaile agus mar sin bhí a lán rudaí a bhí comónta in aiteanna eile de'n tír ná feachadar. Do thárla gur thuit fear a' tighe breóidhte agus bhí ortha an sagart a tabhairt chuige. Chuaidh an bhean go dtí an tigh ba ghiorra dhóibh agus chuaidh duine eigin go dtí an bhaile ag iarraidh an t-sagairt. Bhí an lá ag báisteach agus thug an sagart a scáth-fearthainne leis. D'fhág sé é ar oscailt taobh amuigh de'n doras agus súid leis isteach sa tig agus thosnuig sé an Ola Dhéanach do chur ar an bhfear bhreóidhthe.Matt Smyth