Bhí fear ann fadó daribh ainm Ó Seaghdha. Lá amháin bhí sé ag marcaidheacht ar chapall cois na fairrge. Do chonnaic sé bean áluinn na suidhe ar charraig mhóir agus í ag cíorradh a cuid gruaige. Nuair a chuaidh sé in-aice léi chonnaic sé go raibh a clóca taobh léi agus cheap sé ar é thógaint. Shiubhal sé in-aice léi ach ní fheacha sí é ar feadh tamaill. Nuair a chonnaic sí é do rith sí léi féin agus d'fhág sí an clócha na diaidh. Fuair an fear é agus thug sé leis abhaile é. Nuair a shrois sé an tig chonnaic sé an múrachán ag teacht 'na dhiaidh. Chaith sé an chlóca in-áirde ar an lochta. Thainig an bhean isteach sa tig agus d'fhan sí ann ar feadh cúpla lá. Thóg an fear go dtí anGregory R. Darwin