Sí Tullach mo bhaile fearann. Níl sé ach timpeall dhá mhíle ó Chill Orglan. Sé an brí atá le Tullach ná cnoc beag. Deir na sean-daoine go raibh cnoc ann in áit éigin fadó. Ins an bhfeirm atá in aice linn tá sliabh agus glaodhtar Cnocán a' Rae agus deir na daoine is aosta san áit go bhfuil uaigh ann, agus go raibh cloch cinn 'na sheasamh ann ar feadh tamaill. San am a bhí troid ar siubhal do tharla na rudaí san. Na daoine a bhíodh ag dul go Baile 'n Mhuilinn go moch ar maidin le móin do dhíol, chídis cat mór dubh i gcoill Tullaighe agus uaireanta bíodh sé 'na shuí ar an bhfalla. Tá áit eile in aice le Droichead Tullaighe agus glaodhtar Droichead na gCloc air. Deirtear go mbíodh bean sidhe ag golPatrick Hargan