Bíonn aonach sa Daingean ar an Satharn deirineach de gach mhí, agus bíonn aonach sa Caisleán ar an dara satharn de gach mhí. Tá páirc fé leith sa Daingean ar a glaodhtar Páirc an Aonaigh, dos na beithidigh. Is le Máire Ni Shúilleabháin ón Daingean an páirc. Caitheann gach éinne dhá pingin an beithíoch a thabhairt di ag dul iseteach. Ni mar sin a bhi sé in aon chor fadó, is amhlaidh a thabharfadh éinne a dhíolfadh beithidhigh cúpla pingin ag an geata ag dul amach. Bionn aonach caorach sa Daingean ar an lé deirineach de Lúghnasa agus ar an l deirineach de Meadhon Fóghmhair. Siad san an dá príomh aonaigh. Nuair a bhíonn duine ag díol biethidhigh lorgóchadhAedin Clements