Ar an 29adh lá de Mheiteamh téigheann na daoine go Cnoch Bhreándainn in onóir do Naomh Branndain. Deirtear dá mbeadh tinneas cinn nó aon breóidhteacht eile ag éinne go bhfuil sé ana mhaith dul ann, mar leigheas. Tá tobar i gClochán ar a bainm tobar Bhreánainn. Cuireadh an ainm sin air mar tá sé ag teacht ó Cnoc Bhreánainn go dtí Clochán. Tá an tobar sin lasmuich de dhorus Tomáisín Néill. As an tobar sin a gheibheann muíntir Clocháin an uisce. Fadó bhí fear i gClocháin ar ab ainm dó Tomá Piaras. Bhí sé ag dul cun bheith na shagart . Iascaire ab eadh é, agus do ghuidh sé go Naomh Branndán cun bheith na shagart agus ní raibh sé na shagart in-aoncor. Do thosnaigh sé ag eascairidhe Naomh BranndánMichelle DunneAn Dothra Bheag