Crom Dubh Do chomhnuigh fear thíos sa Chlochán fadó. Crom Dubh dob' ainm do agus saghas rí ann féin dob' eadh é. Bhí Crom ana-shainnteach agus ní leigfeadh a chroidhe do déirc - fiú deoch an uisge a thabairt d'éinne. Bhíodh eagla ar na sagairt féin roimis mar pagánach dubh do b'eadh é. Bhuail sagart an treó chuige lá agus d'iarr sé déirc ar Chrom. "Tá go maith,"arsa Crom, "tá tarbh mór thíos i nGleann-seana-chuirp, is liom féin é agus dá bhféadfá teacht suas leis d'fhéadfá é choimeád agus do rogha rud a dhéanamh leis". Tarbh mór a bhí ann gan aon amhras bhí an ceart sa méid sin aige. Ach níor theastuigh ó Chrom ach go marbhóchadh an tarbh an sagart. D'imigh an sagart leis agus níor stad sé go mbain sé amach an gleann fiadhain uaigneach san. Bhí Crom Dubh ag éalú ó thor go tor laistiar de'n sagart ag faire air, leith is go marbhóch' an tarbh é láithreach. Chuaidh an sagart isteach sa ghleann agus chomh luath is bhraith an tarbh é, siúd fé dhéin an tsagairt é - a cheann go talamh aige agus a iarball san aer agus é séideadh is ag bhúithrigh le feirg is le droch-mhianach. Níor dhéin an sagart aon nidh ach cromadh agus breith ar phúróg cloiche agus nuair tháinig an t-ainmidhe i ngiorracht 'ruchair chaith sé an phúróg leis. Bhuail sé i gclár an éadain é agus thuit an tarbh marbh. Nuair a chonnaic Crom Dubh é sin tháinig fearg ana-mhór air, chuaidh sé suas go dtí'n sagart agus dubhairt "Caithfidh tú díol as mo tharbh"ar seisean. "Ta go maith" ars an sagart. "Cad a bhei' tú agAnaithnid