Bhí fear 'na cómhnuidhe í mBaile 'n Bodhlaeirigh fadó. Do cailleadh triúir leanbhaí leis. Bhí ceann acha baistighthe agus fuair an duine baiste úrlámh agus ní raibh an tríomhadh duine baistighthe in-aon-chor. Cúpla bliain 'na dhiaidh sin bhí na "stations" le bheith aige agus cuaidh sé go dtí an Daingean chun gach rud d'fághail. Bhí sé déanach nuair a bhí sé ullamh. Dá bhrí sin bhí se doracha agus ní raibh aon solus aige. Do bhuail triúir fear leis í Sraid Eoín agus thugadar iasg do ná raibh aon salann ann, agus deirtear nár ceart iasg gan salann a thabairt leat san oidhche. Do lean sé ar a slíghe agus níor bhraith sé faich sé go raibh sé istigh í roiligMatt Smyth