anáirde ar an gcnoc. Nuair a chuadar anáirde is amhlaidh a bhí an t-árthach caitthe isteach ar an bhfaill is í briste, agus an criú san uisce ad iarraid teacht isteach. Níor fhead na fir aon chongnamh do thabhairt dóibh mar ní fheadaidis dul sios an faill. Chuireadar sceul go dti na gardai-cósta a bhí i mBaile na nGall agus ghluaiseadar san gan mhoill go dtí an áit n-a raib an t-arthach. Chaitheadar na cordaí sábhálta sios cum na fearaibh agus tharraingigheadar aníos gach duine aca.An Dothra Bheag