raibh triúir sagart nó bráithre ag ithe amuigh sa scioból. Cuir sé fios amach ortha agus do chrom an cailín aimsire ag gol mar cheap si gurb é an bás a bhí i ndán dóibh. Do tháinig na bráithre isteach go mall agus nuair do thángadar i láthair an tighearna thug sé ordú don gcailín an biadh is fearr do thabhairt dóibh. Nuair a bhí an biad itte aca do chóirig an tighearna an leabaidh dob fhearr a bhí sa tig dóibh. Acht ni leigfeadh na bráithre aca gabháil d’fheur tirm do chur fútha rud a bhí deacair don tighearna é do sholathar, acht do fuair s é agus do chuir a ndóthain eadaig anuas ortha, agus do chodluigheadar ar a suaimhneas. Acht siar san oídhche do dhuisig duine dos na bráithre agus dubhairt solas do lasadh dho go raibh caidreamh scannrúil aige. Dubhairt an bheirt eile an rud ceadna, go catdbhrigeadh dóibh fein rud scannrúil leis. “Achtruig do taidhbhreamh” duinn, ars iad leis an gcéad bráthair. “Taidhbhrigheadh dom gur cailleadh fearGA4228