Bhí fear in aimsir ag Piaras Firteár fadó agus aon mhaidean amháin nuair d'eirig se bhí a bhean na suídhe roimis agus dúbhairt sí leis gan dul go dtí Piaras indhiu in aon cor mar go raibh droch cuma ar an lá. "Tá an fiach dubh ag imteacht ós chionn an tíghe i rit na maidine agus bhí an grian eirighthe ana moch agus ana droc chómharthaí ar an lá é sin arsa an bhean. Dein sé rud uirrthe ac is ag dul i mbreághteacht a bhí an lá agus tímcheall a dódhéagh a chlogh chuaid se go dtí Piaras. Bhí sé sin sagort roimis agus d'fhiafhruigh sé dho cad a chomeád chómh deamnach é. D'innis an buachaill aimsire do cad dúbhairt a bean leis agus dúbhairt Piaras an rann so. Ná creid-se fiolar ná fiadh Ná cómhrádh dian na sean mná, Mar dá mhóchaidheacht a eireócaidh grian Is mar is toil lé Dia a beid an lá.An Dothra Bheag