Paidir i gcoigilt na teine san oidhce 1. Coigilimíst an teine seo fé mar do choigil Críost cách. Cuirimíst an Mhaighdean Mhuire i mbarr an tíghe agus Naomh Bríghde na lár. An dárra Aspol agus i Naomh is mó cómhacht i bhFlaitheas na nGrást, ag féireacht an tíghe seo go lá. 2. Paidir i gcoinne tromlaighe Cuirim m'anam fé chómaraibh Críost. Ó a Íosa agus a Naomh Eoín baiste agus a dhá Aspol deag. Téighim ar choimirce Chroise na mbeann. Cuirim an crann ar ar ceasad Críost idir mé féin agus na tromlaighe agus níd eile do bheadh ar mo thíghe. 3. Paidir do dhuine a bheadh ag fágáil bháis Ar choaraibh Mhuire do chuireas indé tú.Declan Quinn