Seana-Cheárdanna. Fadó ní cheannuigheadh na daoine puinn earraí. Do dheinidís féin gach níd. Seo mar dheinidís galúnach --Geibhidís dorn mór cnámh, agus a raibh d'feóil mhéith sa tig. Chaithidís an stuif go léir isteach i gcorcán, agus cuiridis ag beiriú cois na teine é. D'fhágtaí annsan é ar feadh seachtmhaine nó mar sin. Do bhídís leighte annsan, agus cuirtí isteach i nárus eile iad, agus cruaidis ann. Annsan bhíodh galúnach aca. Deanamh Coinneal. Do bhiodh coinnle dá dhéanamh ins gach tig fadó. Ar dtuis gheibhidís cnopán mór do geir caorach. Leighidís an gheir, agus cuirtí isteach i múnla é chum deilbh do tabhairt uirthe. Sé an búaiceas aSeán Mac Gearailt