Daoine -Cáileamhla. Fir láidre agus fir mhaithe siubhail. Bhí beirt fear i mBaile -an-Chaladh fadó, agus chuadar go Corcaig lá lé hanairt chum é do shníomh. Chuireadar chum bóthair ar a hocht a chlog ar maidin Dé Luain. Sé an teadach do bhí ortha na brístí, agus léinteacha plainín. Bhí cleith mhaide ag gach fear , agus téad anairte na teanntha san. Bhíodar i gCorcaig ar a dó a chlog an lá san. Thugadar a gcuid anairte go dtí an muileann, agus deinead é do sníomh dóibh. Annsan chuadar isteach i dtig bhíd agus sé an biad dórduighear na bolla biotáile, agus bullóg aráinSeán Mac Gearailt