Nuair a bhíonn an spéir ana dhorcha, agus sgamaill ag imtheacht lé gaoith, sin cómhartha báistight. Nuair a bhíonn an bogha sine sa spéir, cómhartha iseadh é go dtiocfhaidh lá ceathadh. Nuair a bhíonn borradh ar an bfairrge cómhartha iseadh é go dtiochfaid stoirm mhór baisthighe agus gaoithe, bíonn rud eile sa spéir leis go bhfuil deamhramh aige leis an mbogha sín "madra" a tiugtar air seo. Cómhartha aimsire bhreág iseadh an "madra". Nuair a bhíonn ana lonnrad sa spéir, agus sa ghealaig, cómhartha droch ainsire iseadh é.Sí an gaoth andeas is mó bheireann báisteach lei, Éanlaighthe.Matt Smyth