Ní bhíonn lucht siúbhail ag teacht chómh minic anois agus a léidís fadó. Bhíodh morán dreamana ag imtheacht tímcheall in éinfheacht fadó, ach nuair a thagaid anois ní bhíonn acht duine nú beirt ann acht fo-uair a chídhfeá cairt aca. Seo cuid de' s na h-ainmheacha a thugadh na sean-daoine fadó ortha. "Seamus na mBioráin" glaodhtaí an ainm sin air toisg go mbíodh bioráin á dhíol aige. An "Balcaire" fear eile agus fear mor reamhar teagartha dobeadh é agus fear ana mhalluighthe. Chómhnúigheadh sé seo go minic i dtig Sheáin Uí Mhainín agus i dtig Sheáin a Ghabha nú Seán Ó Guithín agus bhíodh ana chuileachta ag muintir an baile air. Paddy Na Gáiridhe fear eile. Bíonn sé seo ag imtheachtElla Dmitrieva