d'es na buachaillí an bábóg. Deineann siad cros adhmaid ar dtúis agus cuirtear maingil ar bhárr na croise. Cuirtear éadach ar sin annsan agus cuirtear agaibh ar an agus cuirtear agaibh ar an maingil sa tslighe go mbíonn deilbh bábóige air. Fadó deintí im, agus clúdaightí e go dtí an chéad lá 'le bríghde eile. Ní bhíodh aon tsalann air. Deirtí go mbíodh leigheas ann do thinneas cinn nó d'fhuil shróin. Seo rann atá ag an daoine san áit seo - "Ó lá 'le brighde amach, bíonn na héin ag déanamh nead, Bíonn na caoire ag breith na nuan, Is an fhuacht ag dul i dteas. Lá 'le Pádraig Bíonn blúire seam-róige nó blúire ribín uaithne áDeclan Quinn