Níl acht aon reilig amháin san áit seo ar a nglaodhthar reilig Rinn an chaisleáin. Deir chuid des na daoine go bhfhuil sí coisrighthe. Tá sgata uaigeacha ann. Clocha móra glasa as a gcionn agus cupóga, leanntóga, bláthanna agus fear glas ag fás as a chionn. Is innte a chuirtear na leanbhaí beaga a cailltear annseo. Cuirtear na leanbhaí gan baiste innte chómh maith. Tá bean uasal a fuaireadh ar an bhfarraige fadó lán do órnáidí agus do rudaí luachmhara churtha san reilig seo. Tháinig a muinntir féin chun í a thógaint leó agus í a chur in áit éigin eile. Nuair a chonnacadar í fé na chuid órnáidí d'fágadar ann í. Ní cuirtear aon daoin[e] móra innte anois ach leanbhaí.Aindí Mac Giolla Chomhghaill