Bhí fear ó Dhúnchaoin ag dul 'on Daingean lá. Bhí fear eile na choinne aníos i gcairt agus brat anuas ar an gcairt. Do labhair Pádraig agus dúbhairt "hAnam an Diabhail a Sheáin cad atá agat ?" "Tá muis - sult is greann, is carthana is diabhail is deamhain is acharnacht" arsa Seán. Sé an rud a bhí aige ná gléas pósta, cúpla bairle díghe &rl.AnaithnidMichelle DunneMichelle DunnePádraig Ó Maoláin[-]Michelle DunneBhí Eoghan Ruadh agus fear uasal ag siubhal suas an cnoc lá. Bhíodhar ag scotheainnte lé na chéile ná gur thanagar láimh le bárr an chnoic. Ba mór leis an duine uasal an fliuchán a bhí ann.Anaithnid