fharraige agus thog sé leis iad, san am ceadna a ghaibh na cóistí thart. Naomhóg sidhe. Bhífear ó Inis Mhic Fhaoileáin i mbáidín ina aonar. Bhí sé ag dul ar aonach 'ón Daingean. Sé an áit i bhí ceapuighthe aige dul í dtír ná i nDún Uí Mhaoileáin. Le linn do a bheith ag dul i dtír, do chonnaic sé an claidhe, níor bh'fhéidir leis dul a thuille. Do chas sé abhaile, bhí an oiread san sgannradh air mar ní raibh aon chlaidhe ó shoin ann. Piast fharraige. Bhí truír ó Innis Mhic Fhaoiláin ag fiadach choiníní uair. D'fhanadar thiar i mbotháinín fé thalamh a bhí déanta aca chuin beiriú doíbh féin. Ceann des na h-oidhcheannta bhíodar istig agus iad ag sgéaltóireacht agus iad ag cur síos ar an seana shaoghal. Tháinig rud éigin timcheallDeclan Quinn