Leanbh scoile a scríbh an scéal so dom. Fuair sé an scéal ó Ghobnait Ní Ghuitín , an Bloscaod Mór. Tá Gobnait timcheall deich mbliana is dachad , agus chuala sí an scéal ó na hathair ar an Gorta Dhúbha i mBaile ‘n Fhirtéaraig. Bí Piaras Firtéar na chómhnuidhe i nDún-na-bhFirtéarach i dteannta a athar is a mháthar. Saghas oileán ab eadh an áit a chómhnuigheadar agus ar chómhlaí a théighdís amach chuige. Bhí Piaras in aois a phósta go maith is ní raibh aon chuimhneamh ar phósadh aige. Aon lá amháin dubhairt a athair is a mhathair go mb’fhearr dó pósadh. Dúbhradar leis dul síos go dtí dún Daingin agus go b’ann a bhí an bhean a bhfearra do a phósadh. Dubhairt a athair leis go raibh dall ann agus síntiús éian a thabhairt do, agus go innseóchadh sé sin do má bhí aon loch tar an mnaoí óig. Phreab Piaras anáirde ar a chapall agus ba gheárr gur shrois. Sé Dún Daingin . D’innis sé do mhuinntir an tíghe cad a thug é. Nuair a bhí Phiaras ag imtheacht abhaile thug sé síntiús do’n dall. Anns an dúbhairt an dall le Piaras “Innis do Dhonnchadh an DúnaPádraig Ó Conaill