Naomh Breanndán. Reamhrádh: Scéal é seo a chuala uair indhiaidh uaire i mbéalaibh na sean daoine in Iarthar an Daingin. 'Sé Naomh Breanndán an naomh Patrún Iarthair an Daingin ar fad. Cúnntas é seo a scríobhadh síos dom ó Mhuiris Ó Chonchubhair san nBloscaod Mór. 'Sé an fear ceadhna atá mar ughdar leis na scéalta so 'na dhiaidh go bhfuil a ainm leó. Na céadta bhliadhan ó shoin do chomhnuig Naomh darab ainm Breanndán ar an gcnoc go nglaodhtar Cnoc Bhreannain air. Bhíodh an Naomh agus a mhanaig ag leigheamh Aifrinn agus ag déanamh troscaidh. Lá amháin agus an Naomh chun Aifrinn a léigheamh fuair sé amach go ndearmhadadh leabhar an Aifrinn. Do bhí bóthar caol ag dul ón gCill go dtí an gCnoc agus bhí duine ar gach órdhlach don mbóthar san. Do síneadh an leabhar ó láimh go lámh go dtí gur shroich an leabhar an Naomh agus annsan léig sé Aifreann Dé. Ó shoin i leith tugtar turas gach bliain lá San Sheáin Beag agus Domhnach Cásca. Tá cloch mhór thuas ar bharr an chnoic agus glaodhtar "Cloch an Droma" uirthe. Deirtear go bhfuil leigheas ar thinneas dromaSeán Mac Gearailt