ais ar maidin agus an buidéal aige. Thug Seán isteach go dtí an rígh é, agus dubhairt an rígh go dtuibhradh sé an inghean dhó. Posadh iad annsin agus oidche na bainse, dubhairt an fearín glic leis an rígh an dá chathaoir a chuir le chéile agus bior iarann a chuir suas tríd cathaoir Sheáin, agus nuair a shuidheochadh sé air go marbhochadh sé é. Rinne an rígh amhlaidh agus nuair a bhíodar ag teacht inaice leis an teach, bhí na soillsí uilig lasta. Ní dheárna fear na seideóige acht seideó a thabhairt agus chuir sé chuile sholus as agus rith Tóin Iarainn isteach gus shuid sé ar an gcathaoir agus bhris sé an t-iarainn. Lasadh na soillsí arís agus chuaidh siad isteach agus shuidh Seán ar an gcathaoir agus ní raibh blas air agus dfhan sé fhéin agus a bhean le chéile ó shoin.Fiona FahertyFiona FahertyFiona FahertyFiona FahertyFiona Faherty[-]Matt Smyth