agus dubhairt mé leat gan a dhul isteach sa leabhaidh le faitchíos go raibh poll inntí, agus chaith mé isteach coileán a bhí sa seomra, agus d'imthigh sé as amharc. Annsin chuaidh muid go dtí an luing agus dubhairt mé leat go raibh mo'athair indon éan a dhéanamh de féin agus dhearc muid in ar ndiaidh agus chonnaic muid ag tigheacht é agus thug mé liathroidh dhuit agus dubhairt mé leat é bhualadh ar an bhall dórán agus é mharbhughadh no go marbhochadh sé muid, agus bfactas dom go raibh crith in do laimh agus rug mé ar an liathroidh agus mharbhuigh mé é. Annsin tháinig muid go h-Éirinn agus tháinig muid go dtí teach do 'athair, agus d'fan mise amuigh ar chrann. Bhí an stoicín ag éisteacht agus chuimne sé ar féin agus dubhairt leo imtheacht abhaile mar seo í mo bhean adeir sé agus d'imthigh siad agus chaith an stoicín agus inghean Fleasgín Flinn beatha fhada sughach séanmhar.Fiona Faherty[/]Matt Smyth