Leigeas:- Tá leigheas le h-aghaidh "torns" (?) 'sa' gcaonach agus 'sé an chaoi a ndéantar é ná an duine a chosa a thamadh 'sa' gcaonach agus é ag fásAn Dothra Bheag1) Imthigheann an breág ach fanann an fhírinne 2) Is ceart cuimhneadh ar an arán a h-itheadh 3) Sháthruigh an fhoighid an chineamhaint 4) Is fearr glas ná amhras (imreas) 5) Ní h-é lá na gaoithe lá na sgolb 6) Is minic deifir mhór 'un droch mhargadh 7) Is fearr rith fada ná droch sheasamh 8) Is deacair capall a chur ag ól uisge muna bhfuil tart air 9) Fág an tír nó bí sa bhfaisiún 10) Is dána é an madadh i n-a dhoras feín ( i ndoras a thighe feín) 11) Is teó lán spúnóige d'fhuil duine óig ná dhá chóta mór ar shean-dhuine 12) Níl fhios cé's feárr an t-ádh ná eirghe moch 13) NÍ fhághann minic onoír 14) Ní'l grádh 'á mhéid nach fuath a dheireadh 15) Ní'l grádh 'á mhéid nach dtig fuath dhá réir 16) Bíonn blas searbh ar an bhfírinne 17) An té nach gcuireann 'san Earrach ní bhaineann sé 'sa bhFóghmar 18) Is trom an t-ualach é an leisg 19) Ní h-iad na fir mhóra a bhaineas an Fóghmhór ar fad 20) Ní h-é an té bhaineas an Foghmhar a ólas bainne na bó ar fad 21) A chomhairle féin de mhac Éanna 's ní bhfuair ariamh níos measa 22) 'San aít a mbaintear an crann is ann a bhíos a shliosna (?)An Dothra Bheag