agus cailleadh é 'sa mbliadhain 1913 sé sin tuairim is cuig bliadhna fichead ó shoin. I nGaedilge a rinne sé an chuid amhrán ar fad agus is faoi mhuinntir an bhaile is mó a rinne sé iad. 'Sé a rinne an Gamhain, Ain-Méiní agus an Sárughadh. Bhí sé thar cionn ghá rádh freisin.An Dothra BheagBhí dearbhráthair aige - Pádhruig agus bhí sé gar a bheith chomh maith leis. Tá sé indon amhrán a rádh go maith. Seo amhrán a rinne sé faoi fhir a bhí ag obair ar bhóthar. Bhí Johnney Bán go sásta, I n-a chodladh faoi na sglátaí, Is na fir ag éirighe anáirde Amuigh ar an gCnocán Buidhe Bhí Peadar ann is a láighe Is é ag cur gainimh anáirde Is ní bhfuigheadh sé aon phighinn páighe Go sgríobhadh sé ag an rí. Bhíodh an-mheas ortha agus ní bhíodh bainfheis no tórramh i n-aon áit nach dtugtaí cuireadh dóibh a theacht ann. Tá Pádhruig leith-chéad bliadhain d'aois anois agus rugadh éAn Dothra Bheag