(-)An Dothra BheagUair amháin bhí Naom Pádhraig ag tógáil teach pobail i n-aice le Cathair na Mart. D'iarr sé capall ar thaoiseach na h-áite le dhul ag tarraingt cloch lá ar na bhárach. Gheall an taoiseach dó agus lá ar na bhárach céárd a chuirfeadh sé chuig an naomh ach pocaide. Níor dubhairt an naomh tada. Chuaidh sé ag tarraingt na gcloch agus tarraing an pocaide a dhá oiread le capall ar bith. San tráthnóna d'fhiafruigh an taoiseach de cé mar d'oibrigh an an t-each dó. "Ó" ar seisean " 'S maith an t-each an gabhar." Tá Each an Ghabhair mar ainm ar an áit o shoin. Caít Nic Allmhúraín, ClochbhreacAn Dothra BheagBhí sean-bheirt i n-a gcómhnuidhe 'san aít seo fadó, agus ní raibh aca ach aon ingean amhaín agus buaileadh tinn í. Bhí sí ar an leaba ar feadh seacht mbliadhna. Bhí sí an-coiligneach. Seacht mbliadhna ó'n oidhche ar buaileadh tinn í thaínig cailín ag an doras ag iarraidh loístín ach dubhairt bean an tighe nach raibh aon aít aicí dí. Dubhairt an cailín nach n-imtheochadh sí go bhfeicfeadh sí fear an tighe. Nuair a taínig an fear d'iarr sí loístín air. Bhí bean na leapthan ag iarraidh a chur amach. Thug an fear loístín dí. Suidhe sí ar an gcathaoir agus bfacthas dí goAn Dothra Bheag