an bhean cuireadh do'n cheathrar chuig féasta. Leag sí anuas ceithre chupán agus dubhairt leo suidhe chun buird. Leag sí píosa leathair chuig an ngréasuidhe, píosa adhmaid chuig an siúinéar agus píosa éadaigh chuig an táilliúr. Leag sí greadadh le n-ithe 's le n-ól ag an bhfeilméar. Nuair a chonnaic an triúr eile an cleas a h-imreadh ortha chuadar amach. D'fhan an feilméar ón am sin amach. Cáit Nic Allmhuráin, Clochbhreac, Co. na Gaillimhe. Aois 16 bl.Ailbhe Nic Giolla ChomhaillSgéal Bhí Éireannach i Sasana fadó agus bhí coir mhór déanta aige. Casadh Domhnaill Ó Conaill air agus d'iarr sé cómhairle air. "Ní'l aon pingin agam" ar seisean le dada íoc". "Ná bíodh faitchíos ort" arsa Dómhnaill oibreóchaidh mise i n-aisge dhuit. An lá bhéas tú dul 'un na cúirte tabhair leat ladhar ghainimh mín agus íocfaidh sí chuile shórt dhuit." "'S doiligh rádh" ars an fear go n-íocfaidh ladhar ghainimh mín mórán airgid." Mar sin féin rinne sé amhlaidh. Nuair bhí an giuistís ag dul ag ainmniughadh an méid príosúntachta a gheobhfadh sé "teann faoí" ars an Connallach leis-san. Ní dheárna an fear ach an gaineamh a chaitheadh idir an dá shúil ar an ngiuistís. "Coinighidh chúig nóiméad é" ar seisean. Thóg an Connallach amach a uaireadóir agus d'fhan agIngo Mittendorf