ann nach raibh ann. Rinne sé ann i ngan fhios dóibh agus chuir sé chlocha suas lei ionnus nach bhfeicfeidís í. Nuair a tháining an fear ag féachaint ar an teach dubhairt sé é. Leagan agus fuinneog a chuir ann. Leag seisean na clocha a bhí leis an bhfuinneoig agus bhí an fear an t-sásta leis. Bhí obair mhaith aige i n-diaidh sin.Jeaic Mag FhinnBhí fear ann fadó agus ní fásfadh aon choirce dhó. Chuaigh sé chuig fear-feasa. Dubhairt seiseann leis a bheith i bpáirc an choirce roimh éirigh na gréine agus an chéad rud a casfaidhe leis a choingbhéal. Fuair sé ciarróg agus chur sé isteach i mbosga í agus coingbhuigh sé í. I lár an lae bhí fear de'n bhaile ar iarraidh. Chuaigh a bhean go dtí an fear-feasa. Dubhairt seiseann leí a dhul go dtí n-a leithéid seo d'fhear agus fiafruigh de an bhfuair sé aon rud ag teacht amach as a garrdha coirce agus má fuair é liegeann amach ar an t-sráid. Leig sé amach an chiarróg agus bhí an fear ann ar an bpoinnte.Jeaic Mag FhinnMartin O'HalloranBhí fear ann fadó agus bhíodh sé ag bualadh a mhná lá amháin bhuail sé go mór í agus nuair a d'eírigh sé ar maidin bhí éadan agus an seomra chomh dubh leis an simléar.Ciara Ní MhurchúBhí bean ann fadó agus bhí fear ann a bhíodh 'áCiara Ní Mhurchú