eisteacht faoisdin i dteach an phobhail agus ag dul abhaile dhó bhí sí ag marcaidheacht ar a chapall bhán. Ní raibh sé i bhfad ó teach an phobail gur ghlac an capall scáth i lár an bhóthair. D'féach an sagart leis an capall a thiomáilt acht ní rachfadh an capall ar aghaidh dhó. D'ísligh sé do'n chapall agus chonnaic sé an rud bán. Bhí sgáth ar féin annsin acht chuaidh sé 'un tosaigh agus cé bhí ann acht Biddy Early. D'innis sí a sgéal dó. Mhaithigh sé a cuid peacaidh dí agus d'fágh sí beannacht ag an sagart agus d'imthigh a [?] hanam suas go flaitheas.Ingo MittendorfAn driothar bocht agus an driotháir saidhbhir. Bhí beirt dhriotháir ann fadó agus bhí duine aca bocht. agus duine aca saidhbhir. Bhíodh an duine bocht ag iarraidh déirce i gcomhnuaidhe ar an driothair saidhbhir. Bhiodh an driotháir saidhbhir ag dul ag an aifreann gach Domhnach, acht ní bhiodh an duine bocht. Bhí gach anró ar an driotháir bocht acht bhí an driotháir saidhbhir lán t-sásta le maoin, airgead, agus ól. Bhíodh an an [!] driotháir bocht freisin ag dul ag an sagart go minic ag iarraidh déirce.Ingo Mittendorf