146 Tomhaiseanna 1.Cé mhéid cos ar ucht muilt Freagra : Dhá chos 2. Istigh sa ló agus amuigh san oídhche Freagra: lúb an dorais 3.Rud nach bhfuil is nach mbeidh go deo sín amach do lámh is feicfidh tú é Freagra : Do chúig méire nach fada le chéile 4.Thit rud le aill is níor briseadh aon easna ann Freagra: Seilmide 5.Siúd sa gclúid é agus dhá chéad súil air Freagra : Pota an Bhrutha 6.Cé hé an chuid is airde do'n bhó Freagra : A géim 7.Thiubhradh snáithe síoda suas é is ní thiubhradh rópa cnáibe anuas é Freagra :Deatach 8.Cé fath a bpiocann an chearc an pota Freagra: Mar níl sí indhan é a luigheachan 9.Cé mhéid gob a mbuaileann an chearc sul a mbíonn sí faoi réidh Freagra : Aon ghob amháin. 10.Droichead ar an loch gan maide ná cloch Freagra: leac oidhreMicheál Breathnach