An Maor agus an Máighistír ----------------------- Bhí maor agus máighistir ann fadó agus bhíodar an dhian mhór le chéile agus bhí an mheas ag aon-cheann aca ar an gceann eile. Acht thosuigh an maor ag fághail an tsaidhbhir agus níor thaithnigh sé leis an máighistir. Dubhairt sé leis féin annsin go mbearr dó fógra d'fághail agus a chuir amach. Thug sé an notice seacht lá annsin dó len'a chuir amach agus ní (dheachaidh) rachadh sé amach dhó. Thug sé 'na cúirte é agus fuair sé cuireadh amach ón dlighe air. Annsin tháinig sé chuige fé cheann laetheannta. Nuair bhí an bheirt chómh mór le céile san am a d'imthigh agus nuair bhíodar ag cainnt dubhairt an máighistir go bhfágfadh sé aige héin cén dara lá den tseachtmhain thóghróchadh sé le athru. “Ní ceart” ars an maor “imtheacht dhéanamh Luain, Máirt no Céadaoin. Is minic leis an Diardaoin bheith fliuch. Tá an Aoine gul do'n Phápa agus an Sathairn ag dul go Muire Mháthair. Tá's agat héin, a mhaighistir, nach lá ar bith an Domhnach le n-athrú. Níor corruigheadh é.Tomás Ó MáilleIs fearr leath ná meath. Is maith an sgéalaidhe an aimsir. Nuair a bhíonn an cat amuigh bíonn an luch a' rinnce. Misneach maith, leath na troda. Ní leath fhein a bhfeiceann tú. Is minic éan mall sona. Tagann maith as cáirde. Seán Ó CuínínTomás Ó Máille