croidhe ionnus nach mbéadh sé de shasamh ag an rígh go bé a mharbhóchadh í. Chuireadh Clann Uisnig istig san roilig agus Déirdre taobh amuigh den sgonnsa. D'fhás crann aníos on áit a cuireadh Naoise agus crann eile ón áit a cuireadh Deírdre agus bhí an dá chrann i bhfastódh na chéile agus ní bhéadh fhios agat nach aon chrann amháin a bhí ann. Bhí an dá chrann fásta ar maidin D'orduigh an rí iad a ghéarradh agus rinneadh a comhairle. Ní raibh ann ach go raibh siad géarrta nuair a phléasg abha amhach as an áit. Tá an aba ann ó shoin sórt srútáin is eadh é ach níor thriomuigheadh sé ariamh.Margaret Quinn(-)KGFW