Sgéal atá mé airist i dtír is i dtalamh Dhá innseacht go lag is go láidir. Dhá chuir ag na sagairt as sin go dtí an t-easbog. Is íád sin leí é sgríobh ag an bpápa. Silim na mallacht a léigheadh ón altóir ar aon fhear a dhéanadh cúis náireach. Is go mbá é baithlín an ghádhaidhe is sgionntach ar fád leis nuair a robail se bhalas gan adhbhar. II Cuaidh sé lá satharn go cuilinn ag baint cannóige is ag dul siar do ag teacht phádair mhairtin. Bhí síad dhá dhearca is dhá thabhairt sin faoi déara gur shíl síád gur fear a bhí i mbád é. Labhair Micheal Thomhais is dubhairt sé le Padar Silim gur duine é gan n-aire é ó fagaim ar manam nach leigheadh mé isteach é go bhfuigheadh mé sin teagash níos fearr air. Orduigheadh an fiadach roimhe ar taobh thiar is cuireadh aniar le fanadh. Séard dubhairt Pádhraic ó bíadh na fheiceadh sé Dia ma leigheann sé thar chuigeal go bráth é.Matt Smyth