(I) Is a Críost nár mhór an áileacht i Púcán Mhicil Pháidín An lá ar sheól sí amach as Arainn, 's dárduigh sí an cránn nua 'S níl bréag ar bith mo ráidhthe, le feabhas is bhí sí cáithte Nach dtáínic sé ina bháístighe ar dhá thaobh an cuan (II) Ní raibh samhail ar bith le fághail aice ach an nós an bhradán fheárnach Bheadh ag imtheacht ó na namhaid, 's nár sparáil ariamh siubhal Le feabhas is bhí sí déanta, nuair sháith sí ceann sa ngaoithe Is ba gearr leis an sluagh sidhe, nuair thigheadh ar an sgódh (III) 'S a Chríost nár mhór an áileacht í maidin lá na rástaí Nuair a d'fhág sí céibh Cárna, 'sé na gála mór 'S ag dul siad ag Leac na gCadrach, seadh sáith sí siar sa ngaoithe 'S an fhairrge bhí na timcheall gur imthigh sí i na cheóAn Dothra Bheag