Tomhasanna. Tobar fíor-uisce i lár an bhaile, bolltaí iarainn 's géarsighe maidí. Caig Fuisce. Giorrán bán 's chúl le aill 's é ag gearradh aráin go tiugh. Bró. Níl sé istigh 's níl sé amuigh 's cá bhfuil an lá nach bhfeictar é. An Fár-Doras. Bhreathnuigh mé amach trí fuinneóig Dhaideó agus chonnaic mé rud marbh ag iomchur rud beó. Rothar. Chuaidh beirt fhear amach ag baint chlocha. An méad a bhain síad d'fhág síad 'na ndiaidh íad agus an méad nár bhain thug siad leo íad. Dhá charróg a bhain díobh a gcuid clumhaigh. Stáca dubh dorcha indoras gach aon tighe. Cárnán Aoileach. Chuaidh mé siar 's aniar an bóithrín agus thug mé na muigíní ar bharra mo chosa liom. Sneachta. Teach mór mór é, coinnleóir óir é, tomhais go beo é ná sgaoil thart é. Na Flaithis. Siúd chugam fríd an sruth, fear gan léine, fear gan crios, fear na coise caoile cruaidhe is é an truagh nach bhféadaim rith. An Bás.Ingo Mittendorf