Scéal. Bhí fear ann fadó agus bhí sé le crochadh. D'iarr sé cead píosa cainnte a dhéanamh agus aon-duine a thiubhradh éitheach dó an duine sin a chrochadh ina áit féin. Chuir mise Éire fá choirce aon lá amháin. Lár na bháirea[ch] bhí sé le baint. Thosuigh mé ghá bhaint agus corrán ingach láimh liom. Ní raibh mé i bhfad dhá bhaint nó gur éirigh giorrfaidh as an gcoirce. Chaith mé corrán leis an ngiorrfaidh agus chuir mé i bhfastódh ann é. Bhí an giorrfaidh ag rith ar fud na h-Éireann go deo nó go raibh an coirce bainte. Maidin lár na bháireach ní raibh gráinne den choirce fanta nach raibh goidthe. Bhreathnuigh mé thart agus chonnaic mé Fear na Gealaighe ghá bhualadh. Bhain mé ghá ribe gruaige as cúl mo shean-mháthar agus rinne mé dréimire dhí. Chuaidh mé suas san ngealach agus chaith mé anuas an coirce. Chuir mé i mála é, agus chuir mé ar dhruim sean-chapaill é. go dtéighinn ag an muileann le na mheilt. Ní raibh mé ach leath-bealaigh go dtí an muileann nuair a rinne druim an chapaill dhá leith. Bhain mé crann daraighe agus sháith sé treasna thríd an gcapall é. D'iomchuir sí an mála go dtí an muileann dhom. Faoi cheann bliadhna ina dhiaidh sin d'fhás crann daraighe as druim an chapaill. Bhí nead sa gcrann agus bhí trí bhradán sa nead. Bhí iasgaire ag dul thart faoi seo. "Thug tú do dhearg éitheach," adeir an t-iasgaire, "sin rud nach raibh in-aon nead ariamh." Crochadh an t-iasgaire agus fágadh an fear slán.Ingo Mittendorf