sean-fear. Bhí an triúr fear ag ithe na gé chois an chlaidhe, agus ní raibh a fhios ag an sean-fhear cé goid í.Ingo MittendorfMark BouckScéal. Bhí fear ann fadó agus sé an t-ainm a bhí air Mártan. Bhí sé amuigh ag obair lá, agus tháinig bean déirce isteach sa teach. Bhí páiste ar a druim aici. D'iarr sí gráinne cruithneachtan. Fuair sí é. D'iarr an páiste gráinne den chruithneachtain ar a mháthair. Thug an mháthair dó é. Chaith an páiste sa teine an chruithneacht. D'fhás an chruithneacht ar an bpoinnte. D'imthigh an bhean déirce léithí annsin. Nuair a tháinig Mártan isteach chonnaic sé an chruithneacht, agus d'fhiafruigh sé, céard a thárla. D'innis an bhean dhó. Lean sé an bhean déirce annsin. Chonnaic an páiste an fear ghá leanacht. "Breathnuigh ido diaidh," adeir an páiste le na mháthair. Bhreathnuigh sí agus shíl sí gur duine a bhí ag dul ag marbhughadh an pháiste é. Bhí Mártan ag ritheacht ach níor fhéad sé a theacht suas leis an mbean. Sa deireadh chas sé abhaile, agus ghearrIngo Mittendorf