beag liath ann. Chuaidh siad ag imirt agus d'éirigh le Mac an Rí arís. Séard a chuir sé air a déanamh an t-am seo chuile seomra a líonta le ór agus le airgead. D'imthigh Mac an Rí abhaile agus d'imthigh an fear beag liath a bhealach fhéin. D'éirigh Mac an Rí chomh luath agus d'éirigh an ghrian. Chonnaic sé chuile cheann do na seomraí líonta le ór agus le airgead agus an ceann a rabh sé na chodhladh. Nuair a chonnaic sé sin tháinig an áthas air. Chuaidh sé síos an chéad lá eile agus bhí an fear beag liath ann roimhe. Chuaidh siad ag imirt agus d'éirig leis an bhfear beag liath an turas seo. "Ta aistear fada rómhat a Mhac Rí" a deir an fear beag liath. Ná h-ith agus ná h-ól aon deór go dtiocfa go dtí mise sa domhain thoir. Chuaidh Mac an Rí abhaile brónach go leór. Nuair a chuaidh Mac an Rí abhaile níor inis sé dhá mháthair go rabh aistear fada roimhe. Bhí sé na shuidhe an chéad lá eile chomh luath agus d'éirigh an ghrian. Thug sé leis mála aráin agus d'imthigh leis agus níor stop sé go dtáinig go dtí an fhairrge. Sheol sé leis ar feadh sheacht lá agus sheacht n-oidhche go dtáinig sé go dtí an domhan thoir. Nuair a chuaidh sé amach as an lung chonnaic sé teach chomh breágh agus chonnaic sé ariamh. Shiubhail sé leis agus tháinig sé go dtí doras an tighe. Bhuail sé ar an doras agus d'osgailIngo Mittendorf