Ghlac sé a chómhairle agus chuaidh chum na ceárdchan ar an bpoinnte buise. D'innis sé a scéal dón ghabhainn. Ní raibh neart ar bith ag an ngabhainn ar an tinneas fiacal acht ba chleasaidhe é agus chuir sé mórán ceist ar an bhfear bocht a bhí tinn. Dubhairt an fear tinn leis gur b'fhearr leis rud ar bith a fhulaing a chuirfeadh deire leis an tinneas fiacal. "Fágfaidh mé slán thú" ars an gabha "agus m'fhocal duit nach ngortuighim thú ar chor ar bith." "Och! Beannacht Dé ort go buan" ars an fear tinn. Leis sin chuaidh an gabha agus fuair sé dlaoideóg mín lín agus chas sé go daingean é cúpla uaire tríd an bhfiacal, agus cheangail sé ceann na sringe do cor na h-inneoine. Anois is amhlaidh, bhí an fear tinn ar leath-chromadh agus a shrón i bhfoisgeacht sé nó seacht n-orlaigh den inneóin. "Bíodh foighid agat anois ar feadh tamaill bhig" agus tarrainfaidh an inneóin an dóigh is an pian ar an bhfiacal úd. Shocruigh an fear bocht é féin. Chuaidh an gabha fá a cuid oibre féin. Shéid sé suas an teine. Chruinnigh sé na smeáróid ar a chéile, agus anois is arís tharraingeadh amach iarann fada a bhí leis an teinidh. D'amharchadh sé air, sháicheadh sé isteach arís agus é ag innsint sgéil i rith an amaAnaithnidMichael Keyes