Fadó bliadhanta o shoin tháinig an oidhche ba mho stoirme dá dtáinig aríamh. Bhí sí go huathbhásach le stoirm is le báisteac gur cuir sí faitcíos ar gach uile dhuine. Sguab sí na cinn de na tighthibh agus leagadh sgiobóil agus marbhuigheadh na beithidhigh a bhí ionnta. Na báid a bhí feistighthe ar an tráigh, sguabhad iad agus brisead na céadracha agus cuiread suas ar an talamh iad. Deir na daoine gur marbhuigheadh gach nídh a bhí amuigh ins na páirceannaibh leis na lasrachaibh a bhí ann agus deir siad fresin go dtáinig fuirleach isteach ins na tightibh agus go dtug sé amach asta na trosgáin is a raibh eile sa teach. Is corr dhuine a bhfuil cuimne aige an oidhche sin ach chuala siad cainnt air. Tá sé ós cionn céad bliadhain ó bhí an oidhche sin ann agus níor tháinig aon oidhche ó shoin ba mheasa ná í.An Dothra Bheag