Scéal faoi na Fianna Eireann Aon lá amháin bhí fionn agus a chuid fear antuirseach tharéis a bheich ag fiadac in-ioctar na h-Eireann. Is fearr go bracadar ag teachth? chuca fathac mór. Bhí capall mór aige agus dhá mhéad é fhéin bhí an capall dhá uair níos mó agus nios gráinne. Thánic sé ós comhair fínn. Dubhairt sé gur fear leisgeamhail a bhí ann agus é a ghlacadh in-éindigh leis fhéin ag fiadhach is ag obairleis. Dubhairt fionn na nglacfadh. Sgaoil sé a capall in-éindigh le caiple fionn is fearr gur thosaig an capall ag ithe caiple na fionna. Déirigh fionn an-feargach (agus dubairt) leis an bhathach. Bhí Conán Maol am fheargach agus dubhairt sé leis an bhfathacha capall a thabhairt leis ach ní chorróchadh sé é. Thosaigh na Fianna ag bualadh an chapaill ach ní chorrócadh an capall. Chuaidh na Fianna uilig ag marcuigheacht ar an gcapall ach ghreamuigh siad uilig dhe Chuaidh an fathac amach roimh an gcapall agus thosaigh sé ag siubhal go mea(r?) lean an capall é ins na cosaibh ináirde char chnuic is thar gleannta.Jeaic Mag FhinnJeaic Mag FhinnAnaithnidScott Emblen-Jarrett